← Bhí an fia bán, agus dúirt Fionn Mac Cumhail nach mba fia ceart í ar chor ar bith, ach dúirt na Fianna eile gurb é. 🔊
← Shéid Fionn a dhord ansin agus chruinníodar go léir timpeall tine mhór a bhí ag lasadh. 🔊
← Bhíodar ansin ag ithe agus ag ól agus ag déanamh spóirt, go dtí gur thit gach duine a bhlaisigh feol na fia, ina dtoirchim suain. 🔊
← Bhí beirt eile freisin nár ith áon píosa den fhia, ba iad sin Goll Mac Morna agus Raithnigh. 🔊
← D'imigh Fionn agus an bheirt eile go dtí pluais ina raibh bean feasa ina cónaí. 🔊
← Rug Goll ar a chlaidheamh agus isteach leis sa bpluais. 🔊
← Chuir seo fearg mhór ar Gholl, agus bhain sé an ceann de Raithnigh ar an toirt. 🔊
← Ní raibh Fionn an-mhór le Goll ariamh, toisc gurb é Goll a mharaigh a athair, agus chuir an gníomh seo fearg mhór air anois. 🔊
← Chuir sé deoch uisce isteach i mbéal gach duine, agus d'éiríodar go léir ina sheasamh. 🔊
← D'inis Fionn dóibh faoin méid a tharla le Goll agus Raithnigh, agus bhí brón agus fearg orthu i ndiaidh a chéile. 🔊
← Chuir siad Raithnigh agus rinneadar cairn ós a chionn. 🔊
← Cailleadh Goll agus a bhean le chéile amuigh ar an oileán ar a dtugtar "Oileain Ghuill". 🔊
← Thóg na Fianna isteach iad agus chuireadar le chéile iad in áit ar a dtugtar "Cíll Ghoill" nó "Cíll a Ghoill". 🔊
← Ba é sin go gcaithfeadh sé an fharraige a choinnéal amach tré bheith ag caitheamh clocha léi, agus go mbainfidh an cloigeann de más rud é nach raibh sé in ann an ghaisce a dhéanamh. 🔊
← Rinne Conán an gníomh agus tugtar "Trá Chonáin" ar an áit a raibh sé ag caitheamh clocha in aghaidh na farraige. 🔊
← Ba é Tadhg Ó Réagáin, Druim Chonga, Maigh Cuilinn, a scríobh agus ba é Tomás Ó Bháin (aois 60), Garrán, Maigh Cuilinn, a thug an scéal dó. 🔊